An t-Ainmhí

Pádraig Standún

Note from the editor:
This work is being shown in parts for educational purposes only, with the intention of complying with the "Fair Use" provisions of copyright law. Students at the table with their own copies of the book may be given password-only access to other parts of the book to view the on-line notes.

The work is copyrighted 1992 by Cló Iar-Chonnachta Teo, and copies of this book may be ordered (in the US) through The Irish Bookstore and other fine importers of Irish language books. Please buy yourself a copy and support the bookstore, the publisher, and the author. Then you can use this hypertext version to help you study the language as you read.

Caibidil a hAon

'Maim, maim...' Rith Sorcha amach an doras nuair a chuala sí Sibéal ag béiceach. Is amhlaidh a cheap sí go raibh an páiste tite sa tobar. Ach bhí Pádraicín ina gabháil ag Sibéal, beo beathach. Thóg sé nóiméad ar an gcailín a hanáil a fháil ar ais, lámha a máthar timpeall uirthi agus an páiste beag in éindí.

'Chonaic muid an t-ainmhí, a mhamaí.'

'Chonaic sibh céard?'

'Chonaic Pádraicín is mé féin an t-ainmhí.'

'Cén áit?'

'Ag Tobar Ghobnait a bhí sé, ag ól uisce as an tobar.'

'Seanghabharrud eicínt mar sin a bhí ann. An raibh adharca air?'

'Ní raibh, ach bhí clúmh chuile áit air.'

'Ar scanraigh sé sibh?'

'Scanraigh... níor scanraigh. Ní fhios agam. Bhí sé go deas, ar bhealach.'

'Cén chaoi?'

'Bhí caint dheas aige.'

'Bhí sé ag caint libh?'

'Tá caint aige ar nós chuile dhuine.'

'Agus céard a dúirt sé?'

'D'fhiafraigh sé cé muid féin, cé leis muid.'

'Céard a dúirt tú leis?'

'Dú mise gur dhúirt mamaí agus deaidí linn gan a bheith ag caint le strainséirí.'

'Maith an cailín.' D'fháisc Sorcha a lámha timpeall orthu, agus thug sí póg an duine dóibh. 'Bhí an ceart ar fad agat. Agus céard a dúirt sé ansin?'

'Thosaigh sé ag gáire agus thug sé léim thar an gclaí.'

'Bhfuil tú cinnte nach duine eicínt as an áit a bhí ann, ag déanamh spraoi?'

'Ní raibh éadach ar bith air.'

'Agus an raibh Pádraicín scanraithe?'

'Ní raibh. Bó bó, a duirt sí. Tugann sí ar chuile ainmhí.'

'An Béarla a bhí aige nó Gaeilge?'

'Gaeilge, ar nós chuile dhuine.'

'Tá súil agam nach mbeidh sibh ag brionglóideach air ar chaoi ar bith. Tá tú cinnte nach ag cumadh scéilín dom atá tú?'

'Dáiríre, a mhamaí, chonaic mé é.'

'Nár dhúirt tú liom go bhfaca tú púca cheana, agus d'inis tú arís nach raibh púca ar bith ann.' Leag Sorcha a méar go spraíúil ar bhéal Shibéil. 'Tá súil agam nach púca eile atá san ainmhí seo.'

'Chonaic Pádraicín chomh maith liomsa é.'

'Ach tá sí ró-óg le n-insint.'

'Abair le mamaí go bhfaca tú an bó bó.'

'Bó bó,' arsa an páiste, ag gáire.

'Gabh i leith, go ndéanfaidh mé rud eicínt deas daoibh.' Thug Sorcha isteach sa teach iad, chuir ina suí ar an gcathaoir bhog, agus chas sí air an teilifíseán. Shuigh Pádraicín ar ghlúine Shibéil, ordóg ina mbéal acu beirt. Bhí cosúlacht orthu go raibh dearmad déanta acu ar an ainmhí, ach bhí imní fós ar Shorcha. Bhíodh caint ar an ainmhí céanna nuair a bhí sí féin ina gasúr, meascán idir sióg is púca, sórt babhdáin is dócha. Bhainfí úsáid as le smacht a choinneáil ar ghasúir. 'Seachain thú féin nó béarfaidh an t-ainmhí ort,' a deirtí leo. Ní raibh a fhios ag duine ar bith ar an oileán an raibh a leithéid de rud ann cinnte. Ní chreidtí na daoine a deireadh go bhfaca siad é, gasúir nó daoine ar a mbealach ón teach ósta.

Bhíodh a deirfiúr féin, Maggie ag rá go bhfaca sí é, blianta fada roimhe sin. Ach ní bheadh a fhios agat le Maggie. Bhíodh scéalta aisteacha aici amannta. Bhí sí in ospidéal na ngealt i mBéal Átha na Slua faoi dhó de bharr a cuid néaróg. Níor phós Maggie, tar éis chomh dathúil is a bhí sí, i bhfad níos dathúla ná í féin, cheap Sorcha. Chaith Maggie a saol ag tabhairt aire do 'Mhamó,' máthair na beirte acu, máthair a thug íde na muc is na madraí dá hiníon. B'fhéidir nach raibh neart ag an tseanbhean air, ach bhí sé fíorchrua ar Mhaggie. Bhí úsáid a cos caillte ag a máthair ó tháinig an galar creathnaigh uirthi, úsáid a meabhrach caillte chomh maith, dar le Maggie.

Ach an oiread le Sorcha ar ball, ba é a dúirt Maggie fadó ná go raibh an t-ainmhí go deas, lách -- a mhalairt ar fad ar an gcáil a bhí air mar rud scanrúil a chuirfeadh faitíos ar dhaoine fásta, gan caint ag ghasúir. Bhí fir na háite chomh cinnte go raibh an t-ainmhí ann uair amháin go ndeachaigh siad amach le gunnaí agus madraí á thóraíocht. Tháinig siad abhaile, cloigne fúthu tráthnóna, reithe Mhártan caite de thimpiste ag Taim Shéamais Mhaig. Mhionnódh cuid acu go bhfaca siad an t-ainmhí ag dreapadh claíocha cúig nó sé bhuailte amach rompu, go dtí go ndeachaigh sé thar aill isteach sa bhfarraige. Ní mórán airde a tugadh orthu mar gur tráthnóna Dé Domhnaigh i ndiaidh an phub a bhí an tseilg.

Bhíodar ann a dúirt gurb é an diabhal féin as Ifreann é an t-ainmhí, go raibh crúba ar a chosa, adharca ar a cheann agus eireaball ar a thóin. Deireadh daoine eile gur rud maith a bhí san ainmhí, gur iomaí bó is caora ar chuidigh sé leo agus iad ag breith, gurb é a shábháil cuid de na curachaí oíche na farraige móire. Deirdís siúd nach raibh dochar dá laghad san ainmhí, gur measa an rud beo ná an rud marbh -- go mba ón saol eile é an t-ainmhí.

Nuair a chuaigh Sorcha ar ais sa seomra suite ón gcistineach bhí a beirt ghasúr tite ina gcodladh in ainneoin na gcartún ar an scáileán rompu amach. 'Déanfaidh an codladh maith dóibh,' arsa Sorcha léi féin. 'B'fhéidir gur measa go minic na rudaí a fheiceann siad ar an teilifís ná an rud a chonaic siad tráthnóna.'

***

Ar éigean a thug Maggie freagra ar bith ar a máthair ní ba mhó. Dhún sí a hintinn ina haghaidh. Bhí sí curtha san ospidéal sin thoir faoi dhó cheana agus ní ligfeadh sí lena hais go dtarlódh sé arís. Ní raibh a fhios aici cén fáth ar fhan sí ag tabhairt aire di ar chor ar bith, ach céard eile a dhéanfadh sí? Shíl sí ammanta gur mó de ghráin ná de chion a bhí aici uirthi. Ach murach gur fhan sí léi bheadh sí caite isteach i dteach banaltrais eicínt. An raibh cáil níos measa san áit ná do mháthair a chríochnú sa 'Hóm'? Rud ar bith ach sin. Seachas Sorcha bhí an chuid eile den chlann air imirce. Ní raibh Tomás, fear Shorcha, in ann máthair a chéile a sheasamh. Ní fhéadfadh Mamó fanacht leo sin, ach tháinig Sorcha beagnach gach oíche ar cuairt, rud a thaitin go mór le Maggie. Bhíodh an mháthair níos suaimhní le linn a cuairte, agus bhí deis aici féin scíth a ligean agus píosa comhrá a bheith aici lena deirfiúr.

'Tá fhios agamsa go maith cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh mé a chur a chodladh,' arsa a máthair léi agus iad ag dul suas staighre, céim i ndiaidh céime. 'Tá an diabhal sin ag teacht agat arís.'

'Cé atá ag teacht arís?' Bhí an focal as a béal ag Maggie sular chuimhnigh sí uirthi féin. Bhí sé ar intinn aici gan freagra ar bith a thabhairt.

'É sin a bhíonns anseo chuile oíche.'

'Ní thagann duine ar bith anseo aon oíche, ach Sorcha. Ní chuirfeadh aon duine eile suas leat.'

'Airím thú féin is é féin ag torann is ag sciotaíl gháire. Ní óinseach ar bith mise, táimse ag rá leat. Tá fhios agamsa céard a bhíonns ar siúl.'

'Faraor nach mbíonn...'

'Dá mbeadh mo shláinte agam gheobhadh sibh maide. Thabharfainnse seo daoibh.' Chroch sí a maide agus is beag ná thit sí ar an staighre. 'Striapach bhradach...' Níor dhúirt Maggie aon rud. Bhí sé ar bharr a teanga a rá: 'Gabh suas an staighre ansin, a bhitch, isteach i do leaba, agus ná bíodh gíog asat go maidin.' Choinnigh sí a béal dúnta. Deich nóiméad eile agus bheadh sí réidh léi don lá sin, deich nóiméad eile, trí nóiméad ar an staighre, cúig cinn sa leithreas, agus isteach sa leaba ansin léi. Ní hé go stopfadh sé sin an bhéicíl is an torann, eascainí is maslaí, maide ag bualadh urlár an tseomra. Ach bheadh a cluasa dúnta ag Maggie ar an torann, an teilifíseán casta suas ard, a cosa ar an stól aici, cupán caife ina lámh, braon puins ina dhiaidh sin nuair a thiocfadh Sorcha.

'Cuirfidh mé geall gur fear pósta a bhíonns ag teacht agat. Sin é an fáth nach bhfuil tú ag iarraidh fios ar bith a bheith agamsa air. Ach inseoidh mise ort. Inseoidh mé don sagart é an chéad lá eile a thiocfaidh sé.'

'Faraor nach mbíonn tú chomh deas liomsa is a bhíonn tú leis an sagart. Bíonn tú chomh milis le mil ar an gcéad Aoine nuair a thagann seisean, agus ar nós an diabhail liomsa an chuid eile den mhí. Ní mórán maithe a dhéanann an chomaoineach duit...'

'Níor cheap mise go mbeadh iníon liom ina striapach, ag scaradh a cosa do chuile fhear a thagann an bealach. Faraor nach bhfuil mé óg aclaí. Thabharfainnse bata is bóthar do na diabhail. Thabharfainn, muis.'

'Níor bhreathnaigh aon fhear ormsa le deich mblaina... ach creid do rogha rud. Cén mhaith a bheith ag caint leat?'

Cúpla bliain faoi bhun an dá scór a bhí Maggie, ard, tanaí, a gruaig dhubh ag éirí liath le tamall. Ní mórán aire a thug sí di féin le fada, agus bhí croiméal beag ag fás ar a liopa uachtarach. Ní raibh sí taobh amuigh den oileán le trí bliana, an uair dheireanach a bhí sí san ospidéal. Sorcha a thug éadaí di, rudaí a bhí caite aici féin roimh ré go hiondúil. Mar go raibh Sorcha níos raimhre, bhí a cuid geansachaí ag titim dá deirfiúr, ach ba chuma le Maggie. 'Tiocfaidh siad sa bhfaisean lá eicínt,' a deireadh sí.

B'fhada léi go dtiocfadh Sorcha. Ba í a choinnigh beo í. Bhí sí aerach, cainteach, gáirsiúil. Bhreathnaigh Maggie uirthi mar cheangal idir í féin agus an saol mór. Shíl sí uaireanta nach raibh inti féin ach scáil Shorcha. Bhí sí chomh gearrtha amach ón gcuid eile den saol go ndearna sí iontas go raibh sí beo ar chor ar bith. Ach ba bheo di trína deirfiúr. Thug Sorcha an saol mór isteach chuici. Ba í a fuinneog ar an saol í.

'Shílfeá go mbeadh náire ort, a striapach bhradach. Faoi dhíon mo thí. Murach an chaoi a bhfuil mé, a chailín... Táim náirithe os comhair an tsaoil.'

Faoi dheireadh bhí an mháthair curtha isteach ina leaba aici, an t-uisce coisrichte croite, a paidrín ina láimh aici, a paidreacha is a cuid eascainí curtha di in éindí, Maggie ag dul síos an staighre chomh sciobtha in Éirinn is a d'fhéad sí. An teilifíseán, an ciotal, a cluasa dúnta ar an torann thuas staighre. Compord. Aoibhneas.

Chomh luath is a tháinig Sorcha isteach an doras d'aithin Maggie go raibh sí ar bís, go raibh scéal mór le hinsint aici. Cé go raibh trí mhí dhéag eatarthu ba gheall le cúpla iad. Mar nach raibh a sláinte chomh maith sin bhí Maggie sa rang céanna le Sorcha ar scoil i gcónaí. Bhíodar chuile áit in éindí ina n-óige. D'airigh duine acu an rud a bhí ag goilliúint ar an duine eile. Ach ba í Sorcha an duine ba láidre acu, cé go raibh sí níos óige. Shíl Maggie nach raibh an cion céanna ag a máithair uirthi ariamh is a bhí aici ar an deirfiúr. Bhí tuairim aici gur bhain sé sin leis an am a raibh a máthair ag iompar Shorcha. Mar go raibh na páistí chomh gar sin dá chéile, thóg a seanmháithair Maggie óna hiníon le aire a thabhairt di go mbeadh an gasúr eile beirthe. D'airigh Maggie go raibh sí tréigthe ag a máthair, gurb as sin a d'eascair an deighilt eatarthu. Chuir na rudaí a chuala sí ar an raidió, faoi thionchar a bheith ag ar tharla nuair a bhí duine an-óg ar a saol, ar fad leis an tuairmíocht seo. Nach aisteach, a cheap sí, gurb í a fágadh ag tabhairt aire don mháthair ar deireadh.

Chuaigh Sorcha suas staighre i dtosach lena máthair a fheiceáil. Bhí comhrá éasca sibhialta acu, an tseanbhean ag cur tuairisc na ngasúr, agus ag iarridh cén uair a mbeidís ag teacht ar cuairt. 'Is fada liom go bhfeice mé arís iad,' ar sí. 'Tá cion mo chroí agam ar na gasúir sin.'

Níor chaith a máthair ariamh le Sorcha mar a chaith sí le Maggie. Is ar éigean a chreid Sorcha chomh gránna míthrócaireach is a d'fhéadfadh sí a bheith go raibh sí istigh oíche amháin i nganfhios don tseanbhean. Chuir sé iontas an domhain uirthi focail ar nón 'striapach, bitch, agus cunús' a chloisteáil ag teacht óna béal.

Shuaimhnigh Kate tar éis dá hiníon is óige cuairt a thabhairt. Bhí sí ag titim ina codladh sular fhág Sorcha an seomra. 'Faraor nach bhfuil do chumhacht agam,' arsa Maggie.

'Murach thú, bheadh sí buailte ar fad, ach níl fhios aici é.'

'B'fhéidir go mbeimid féin mar a chéile nuair a thiocfas an aois orainn. Táim in ann é a ligean isteach i gcluais amháin agus amach an chluas eile an chuid is mó den am, ach téann sí thar fóir ar amanta. Ach ní scéal nua ar bith é sin. Scéal ar bith agat féin?'

'Nár tháinig na gasúir ón tobar inniu, ag rá go bhfaca siad an t-ainmhí.'

'Ag Tobar Ghobnatan. An áit chéanna a bhfaca mé féin é fada an lá ó shin. Níor chreid duine ar bith agaibh mé, ar ndóigh.'

'Ní rud éasca é a chreidiúint. Bíonn caint ar thaibhsí is ar shiógaí san oíche, ach an t-ainmhí a fheiceáil beo beathach i lár an lae...' Choinnigh Sorcha di féin é gurb é a dúirt a fear, Tomás, nuair a chuala sé an scéal -- 'Tá súil agam nach bhfuil sí le hiompú amach ar nós Maggie. Ní hé an chéad scéal a chum Sibéal é.'

'Creidimse í, mar go bhfaca mé féin é. Is dona an rud do ghasúr nach gcreidfí rud mar sin. Cé mhéid gasúr nach gcreidtear agus éigniú agus drochíde á imirt orthu?'

'Anois, a Mhaggie, ní féidir sin a chur i gcomparáid leis an ainmhí seo nach bhfuil fhios againn nach rud eicínt sa chloigeann atá ann.'

'Feiceann daoine dealbha ag corraí freisin, ach ní chreideann an eaglais iad.'

'Bhuel tá fhios agam go bhfuil sé ann, ach níl aon dochar ann.'

'Ach an rud den saol seo é?'

'Duine atá ann, ar ndóigh.'

'Ach cárb as dó? Cé hé féin? Cén chaoi a mbeadh duine beo istigh ar oileán i ngan fhios don saol?'

'Ná fiafraigh díomsa, ach tá sé ann, agus ní drochrud é.'

'Sin é a dúirt Sibéal freisin. Shíl mise ariamh gur rud é a cumadh le gasúir a scanrú le go ndéanfaidís an rud a d'iarrfaí orthu, sórt púca nó taibhse. Tá súil agam nach ag brionglóideach air atá siad faoin am seo.'

'D'fheicfidís níos measa ná é. Nach measa ná é an t-ainmhí sin thuas staighre, a mamó féin.'

'A leithéid de rud a rá, a Mhaggie, faoi do mhamaí.' Rinneadar gáire lena chéile. 'Is fíor dom é,' arsa Maggie. 'Chomh fada le m'eolas, ní chaitheann an t-ainmhí an lá ag troid is ag achrann le daoine.'

'Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an uair a bhíomar ar an mbaile mór, agus thugamar Sibéal chuig an ngeamaireacht sin 'Jack and the Beanstalk'. Dhúisodh sí, scanraithe, ag rá go raibh 'Fí, Faigh, Fó Fúm' ag teach ina diaidh. Tá súil agam nach mbeidh sí mar sin leis an ainmhí.'

'Beidh sí ceart, le cúnamh Dé, ós rud é nach raibh sí scanraithe ag an am. Tá súil agam nach bhfeicfidh sí rud níos measa.'

D'fhan siad cúpla uair an chloig ar cur is ag cúiteamh, na bróga caite díobh, ag téamh a gcos ag an tine, fuisce te á ól acu. Ní raibh na cuirtíní tarraingthe ina n-iomlán, ach níor thug ceachtar acu faoi deara an t-ainmhí ag breathnú isteach tríd an bhfuinneog.

***

Bhí Bleaist ar a bhealach ón ósta, dhá thaobh an bhóthair leis. Níorbh é an chéad uair é agus ba chuma leis. Mar a déarfadh sé -- 'Is fearr liom bleaist pórtair ná rud ar bith eile ar an saol.' Déarfadh na leads ansin -- 'An fearr leat an pórtar ná Bidí?' agus bheadh deis ag Bleaist ar fhreagra tráthúil a aithris -- Pórtar don bholg agus bean ar an tolg! Bhain se sin gáire amach i gcónaí.

Ní raibh Bleaist in ann oiread a ól is a bhíodh. Sin cinnte. D'airigh sé go mbíodh na cosa ag tabhairt uathu níos túisce na laethanta seo. Thug Bidí faoi deara freisin é. Le blianta beaga anuas choinnigh sí greim níos daingne ar an sparán. Pibé cén chaoi ar éirigh léi pinsean na beirte acu a fháil in éindí, is isteach ina láimh sise a tugadh an t-airgead, airgead a dháil sí amach go cúramach air. Luach trí phionta a thug sí dó ag an am. 'Ordú dochtúra' ar sí, 'cé nár cheadaigh an dochtúir duit ach péire, dhá phionta in aghaidh an lae, ach os rud é gur fear láidir thú...' Rinne Bleaist a mhíle dícheall a chur ar a súile di nach ndeachaigh sé chun an tí ósta ach faoi dhó sa tseachtain, agus má bhí ceithre phionta dhéag ceadaithe ag an dochtúir in aghaidh na seachtaine, bheadh sé i dteideal seacht bpionta Dé hAoine, agus seacht gcinn eile ar maidin Dé Domhnaigh tar éis an Aifrinn. Ach níor ghéill Bidí. Ní hamháin nár ghéill sí, bhagair sí nach ligfeadh sí amach níos mó é ach uair amháin sa tseachtain. B'fhearr, a cheap sé, a bhéal a choinneáil dúnta faoi chúrsaí airgid ina dhiaidh sin. Ní hin le rá go raibh an cath caillte ag Bleaist. Bhí a bhealaí féin aige le cur lena thrí phionta. Nuair a bheadh na strainséirí thart sa Samhradh ní raibh uathu ach duine a d'inseodh faoin seansaol. Bhí Bleaist in ann scéal a insint, agus níos fearr arís bhí sé in ann cur le scéal lena dhéanamh níos spéisiúla. Dhóirt na turasóirí pionta i ndiaidh pionta isteach ann. Ní raibh aon duine ar an oileán chomh maith leis ag cumadh scéil. Bhainfeadh sé deoir as tornapa.

Ní raibh sé buailte sa Gheimhreadh ach an oiread, a bhuíochas sin do Chomhphobal na hEorpa. Níor thuig Bleaist cén fáth a mbíodh bocanna móra sa mBruiséil ag cur seiceanna amach ag an té a raibh caoirigh aige ar chnoic is ar oileán na hÉireann, ach bhíodar á dhéanamh. D'fhág sé Bidí i nganfhios faoi na deontais úd -- nach gnaithe fir a bhí sna caoirigh ariamh.

Níor oibrigh sí an cloigeann ar fad air lá an phinsin ach oiread. Bhíodh a dhíoltas féin aige. Thugadh sí airgead le cois dó an lá sin le buidéal fuisce a cheannach di -- níor mhaith léi dul sa mbeár i measc na bhfear, a deireadh sí. Gheobhadh sé an buidéal cúpla punt níos saoire ná an praghas ar an lipéad -- ba chustaiméir maith é, ach ar ndóigh ní raibh aon chall dó é sin a insint do Bhidí. Bhíodh pionta sa mbreis aige tráthnóna Dé hAoine gan trácht ar an bhfuisce te nuair a thugadh sé an buidéal abhaile di féin.

Ní chuirfeadh an méid sin dá threoir é. An lá seo bhí foireann churaigh anoir ón oileán eile ag tóraíocht reithe. Ní mórán cuartú a rinneadar. Ní dheachaigh siad thar theach an óil. 'Ag déanamh fiosruithe atáimid inniu,' arsa Micilín mór gealgháireach Chit. 'Ag scabhtáil atáimid inniu, ag ceannach a bheas muid an chéad lá eile.'

Cén chaoi a bhféadfadh Bleaist an pub a fhágáil agus an seanchas chomh flúirseach leis an bpórtar? Mharódh Bidí é. 'Marófar sa mbaile mise,' ar sé leis féin os ard. 'Marófar sa mbaile mise,' mar a déarfadh Taimín Jim nach raibh sa chlúid aige ach an cat.'

'Nach dorcha atá sí. Nach dorcha an oíche í, agus í ceaptha a bheith ina hoíche lánghealaí. Cá bhfuil mé ag dul ar chor at bith? Munab é an fóidín mearaí é, munar chuir diabhal eicínt an dul amú orm.' Bhain sé de a veist cheanneasna, leis an taobh istigh a iompú amach -- nach hin é a leigheas ar an bhfóidín mearaí? Thit an veist uaidh isteach i mballán uisce, agus faoin am a raibh sí aimsithe arís aige ní raibh a fhios aige cén taobh a bhí iompaithe amach. Ní raibh a fhios aige cá raibh sé, ná cén treo a raibh sé ceaptha dul abhaile. Áit choimhthíoch a bhí sa mbaile. Nuair a thosaigh múr trom báistí, bhí a fhios aige cén fáth a raibh an oíche chomh dorcha d'ainneoin na gealaí, múraíl throm clocha sneachta ag dul thart. Mharódh Bidí é. Údar aici, freisin.

Bhuail taom scanraidh agus imní in éindí é. Cén fáth nach raibh sé in ann solas a fheiceáil i dteach ar bith? An caoch a bhí sé? Nó an raibh sé an-deireanach ar fad san oíche? Ach bhí cuid de na daoine nár mhúch solas ar bith ó fuair siad an leictreachas. An bhfaighfí básaithe le taobh an bhóthair ar maidin é, bás gan ola gan aithrí? Bás meisce is ragairne. Chaithfeadh sé fanacht san áit a raibh sé go ngealfadh an oíche nó go mbreacfadh an lá. D'fhéadfadh sé titim le fána nó le cladach, dá gcorródh sé. Bhí rogha an dá dhíogha roimhe amach, bás a fháil le fuacht is le fliuchán san áit a raibh sé, nó titim sa bhfarraige cheal eolas an bhealaigh. 'Bidí, a stóirín,' tháinig sé mar olagón óna bhéal. 'Bidí, a chroí. Ní sa mbaile a mharófar mise, ach ar an mbealach abhaile.'

Baineadh geit mhór as nuair a rug lámh ar a uillinn, agus bhrúigh duine éigin roimhe go múinte cúramach é. Thuig sé ansin an botún a bhí déanta aige, cén fáth nach raibh solas tí fiú amháin le feiceáil aige. Bhí sé tar éis iompú isteach i bhfothrach cró in ngan fhios dó féin. Ní fhéadfadh sé solas ar bith a fheiceáil mar gheall ar na ballaí arda timpeall air. Ní raibh a fhios ag Bleaist ar fear nó bean, duine nó sióg, a bhí á threorú, ach bhí fios a bhealaigh ag cibé cén neach a bhí ann.

Ghlan an spéir nuair a bhí an múr caite, gealach bhreá ghliondrach go hard san aer. Rinne Bleaist iarracht breathnú siar ar an té a bhí ina theannta, ach chinn air é a fheiceáil, mar go raibh greim daingean ar a ghualainn aige. B'éigean do Bhleaist a shúile a choinneáil ar an mbealach roimhe. Bhí na cosa ag lúbadh faoi fós agus iad ag teacht chuig an áit ba sciorraí ar fad, in aice na duirlinge, áit a gcaití feamainn i dtír go minic, áit fhíorshleamhain i gcónaí le linn drochaimsire. Choinnigh an té a bhí leis Bleaist idir é féin is an balla. Níor oscail ceachtar acu béal go raibh siad i ngiorracht céad slat don teach. Bhí a fhios ag Bleaist go raibh sé slán sábháilte agus shíl sé nach mbeadh dochar ann labhairt. 'Ní dhéarfaidh tú tada le Bidí, a mhac, maith an fear. Ná habair tada. Ní fear cainteach thú, bail ó Dhia ort, cibé cé thú féin. Munar thú an sagart, gabhaim pardún agat, a Athair.' D'éirigh leis iompú a dhóthain le amharc beag a fháil ar an té a bhí leis. An pictiúr a thug sé leis ná rud clúmhach, féasógach, gránna, cheap sé. Ach ní fhéadfadh sé a bheith chomh dona sin, agus é a thabhairt abhaile slán.

'Aithním anois nach tú an sagart ar chor ar bith. Nach ort atá an fionnadh, bail ó Dhia ort. Tá tú chomh meigeallach le gabhar, más ceadmhach dom é sin a rá. Ach murach thú... Meas tú céard sa diabhal a tháinig orm? Idir mise is tusa, is iomaí bleaist pórtair ólta agamsa ó bhí mé i mo ghasúr, ach níor tháinig dul amú nó fóidín mearaí orm go dtí an oíche anocht. Munar tú an t-ainmhí...'

Fágadh Bleaist ag a gheata, agus bhí an té a thug abhaile é imithe as amharc faoin am a bhreathnaigh sé timpeall. Cheap sé gur fearr gan rud ar bith a rá le Bidí faoi ar fhaitíos go gcuirfeadh sí laincis níos mó ná ariamh air. Ach chinn air a bhéal a choinneáil dúnta -- cé a d'fhanfadh ina thost agus a leithéid de rud míorúilteach tarlaithe dó? Bhí aiféal air gur inis sé rud ar bith de, is ar an ól a chuir sí béim, mar ba ghnách léi. 'Siar leat chuig do leaba anois, agus coinnigh an tseafóid agus an raiméis do na Poncáin sa Samhradh Níl fhios agam an ceart thú a ligean ag ól ar chor ar bith níos mó, muna bhfuil tú in ann deoch a choinneáil. Caithfidh mé fiafraí den sagart...'

'As ucht Dé ort, ná hinis sin dhó. Tá sé sách dona in aghaidh an óil mar atá sé.'

Page © 1999 by The Celtic Republic of Appalachia
Text (An t-Ainmhí) © 1992 by Cló Iar-Chonnachta Teo.
We invite your comments and feedback at: cra@leyline.org